School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 553

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 553

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 553
  3. XML “Scéal - Coisín fé Chroisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí bean ann fado darb ainm di Máire Ní Réagáin agus do mhionnuig is do dearbhuig sí ná pósfadh sí féin éinne go bráth mara mbuailfeadh fear lei a raghadh go Baile Átha Cliath is a thiocfadh ar ais arís chó mear tapaidh lei féin. Coisidhe iongantach do b'eadh Máire de réir gach deallraimh. Do bhí leath-amadán shíos fé'n dtuaith agus chualaidh sé an scéal agus dubhairt sé leis féin go dtabharfadh sé féin fé. "Donnchadh an Chinn Chaoil" a bhíodh mar leas ainm ag na comharsain air. Lá dos na laethannta do chuir mo Donnchadh bocht chuig bóthair. Bhí sé ag siubal roimis agus do bhuail fear leis ná raibh fé ach leath-chois agus an chos eile fé 'na chrios aige. Bhí sé 'na sheasamh lasmuig de gheata guirt móir. Bhí trí chéad beárna ar an ngort san agus trí chéad girrfhiadh in aghaidh gach beárnan agus b'é a churam súd gan aon cheann do sna girrfiaidhthe a leigint amach as a bpáirc. Chuir mo Dhonnchadh air. "Cad é'n padh atá annsan dhuit?" ar seisean. "Ní'l ach cúig púint sa rátha arsa 'Coisín-fé-Chrios'. Dá dtugainn-se deich bhpuint dhuit in aghaidh 'n rátha" arsa Donnchadh "an dtiocfá liom"? "Ná tarraingeochá bainne de'n gcat" arsa Coisin. "Nach maith atá fhios agat go raghainn".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Ciobháin
    Gender
    Female
    Address
    Na Gorta Dubha, Co. Kerry