School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 485

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 485

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 485
  3. XML “Seanscéal - An Capall Mara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí lanamha i bparroisde an Fhirtéaraig tímcheall céad blian ó shoin. Ní raibh an oiread agus éinne amháin de mhuirear ortha is iad gan máirg gan máchaill gan cíos cás ná cathú. Bhíodar ag maireachtaint ar a gcúilín teamhrach dóibh féin. Féar trí mba de thalamh a bhí aca, agus gan éinne beo le beathú aca ach an bheirt aca féin. Bhí gort mór fé choirce aca go raibh ós cionn acra talmhan go maith ann. Timcheall tosach an Fhoghmhair a bhí ann agus do bhí an coirce ag aibiú sa ghort so agus gan aon rian aibithe ar aon ghort eile timcheall air. Maidean amháin nuair a d'eirig an fear so do bhí íde uathbhásach tugtha ar an ngort roimis agus smut mór do ithte ag ainmhidhe éigin. N'fheadar an fear bocht cad é 'n ainmhidhe a dhein an léir scrios agus an réabadh agus an gabháilt-de chosaibh ar a ghort áluinn coirce, agus ní fheadfadh sé éinne a dhaoradh mar gheall air. Chuaidh sé abhaile go buadhartha is go cráidhte ach nuair a d'eirig sé ar maidean lá ar na bháireach ba sheacht mheasa ná san an scrios a bhí déanta ar an ngort. Dubhairt sé leis féin annsan go bhfanfadh sé ag faire an ghuirt an oidhche a bhí chúghat
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Gender
    Female
    Address
    An Riasc, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Muircheartaig
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Riasc, Co. Kerry