School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
Scéalta Grinn

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéalta Grínn.
Bhí sagart ag siúbhal ar an mbóthar lá, agus d'iompuig an lá amach ana olc. Bhí stoirm mhór bháistighe ann. Táinig sé go brúach abhann acht go háirithe agus bhí thuille mhór ínnte. Ní feadair sé cad do b'fhearra dho a dhéanamh, agus do sheasaimh sé ar phort na habhann ag cuimhneamh. Tháinig fear an treó agus bheannuig an sagart do agus dubhairt "beir treasna na habhann mé agus bead ana bhuideach duith. "Béarfhad arsa'n fear má éisteóchaidh tú m'faoistin". "Bíodh na mhargad arsa'n sagart" "Léim ar mo dhrom arsa'n fear" Chuaidh an sagart anáirde agus glúaiseadar

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Dubháin
Gender
male
Address
Ballineanig, Co. Kerry
Language
Irish