School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 390

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

amach é. Chuir an fear a bhí sa gheata an maide a bhí na láimhe aige ináirde, mar bhí a fhios aige ná feadfadh aoinne eile é léimeadhm agus b'fhéidir gurab amhlaidh a bhrisfidís a gcnámha. Tá a lán áiteanna ainmighthe ó dhaoine a léim iad cur i gcás: léim an tsagairt. Deirtear gur sagart a léim é sin ar mhuin a chapaill agus é ag dul chun Aifrinn a rádh. Tá léim an tranntaigh theas i gCeann Trágha agus glaodhach an ainm sin air toisg gur fear dárb ainm an tranntach a léim é.

Deirtear go raibh fear tímcheall annso a bhíodh ag díol a lán rudaí. Ní bhíodh sé sásta leis an bpraghas a d'faigheadh sé ortha annso tímcheall agus chuaidh sé de shiúbhal a chos go Tráighlí mar gheall ar

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Mainín
Gender
male
Address
Ballineanig, Co. Kerry
Informant
Uilliam Mac Gearailt
Gender
male
Address
Ballineanig, Co. Kerry
Language
Irish