School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nósanna na Bealtaine.

Timcheall lé leath-chéad bliain ó shin, nú mar sin, do bhíodh morán piseóg is seana-cainnteanna ag na sean-daoine mar gheall ar Oidhche Bhealtaine. Do bhíodar lán deimhnightheach de go mbíodh mórán púcaí amuigh an oidhche sin, agus dá bhríghe sin níor mhaith leó na cailíní ná na garsúin óga a bheith amuigh ró-dheidheanach lé h-eagla go sciobfhadh na daoine maithe seo leo iad, mar deiridís go mbídís ag faire ar dhaoine áirigthe, go mor mhor, na daoine óga deasa. Do bhí sé seo de nós aca leis an tuisge coisreacan a chaitheamh tímcheall an tíghe agus ar na h-ainmhidhthe, lé linn dul fé do'n ngréin tráthnóna. Agus fiú amháin do théighdís amach (le) linn dorchadas na hoidhche agus

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Mainín
Gender
male
Address
Ballineanig, Co. Kerry
Informant
Padraig Ó Mainín
Gender
male
Address
Ballineanig, Co. Kerry
Language
Irish