School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

bhí fear eile i dTíorabháin ar a dtugtí Gearóid Mac Gearailt. Bhí sé oidhche ag teacht abhaile ó'n nDaingean, agus bhí an oiread san ualaig ar an gcapall ná féadfadh sí do tarrac suas go dtí an dtig é. Ní dhein sé aon nídh acht breith na bhacalainn ar mhála mine a bhí sa chairt agus é tabhairt suas isteach cúinne, sin timcheall le dachad ramhan.

Bhí fear i nÁrd na Caithne darbh ainm Seán Ó Conaill. Bhí sé lá i dtraiglí agus bhí geata mór ann agus léim sé isteach is amach an geata san. agus ní léim aoinne ó sin é. Bhí ana laseadheaidhe ag an bhfear céadna.

Tá fear ar an nGráig gur ainm do Mhuiris Ó Conchúbhair. Ní bhfuair sé mórán scolaidheacht riamh, acht mar sin féin tá mórán filidheachta déanta aige.