School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

innte.
Bádhadh árthach an Jenny Lynch amach ó bhun bhóthar na nGort nDubh. Bhi ghual innte. Tháinig an fuireann saor. Cheannuig muinntir na h-áite an gual uatha.
Bádhadh árthach ag an Leaca Dhubhach. Bhí uaireadóirí agus rudai eile luachmhara innte. Bádhadh an fuireann ar fad.

Daoine a Bádhadh.
Bádhadh ceathrar ó Bhaile Bhoithín thíos ar thráig na gCluainte. Bhíodar ag corraidheacht le saighne trágha, agus tháinig tonn, agus iompuigheadh an naomhóg.
Bádh Seán Ó Conchubhair agus Séamus Ó Conchubhair agus Mícheal Gromaill ar thráig na Muiríge. Bhíodar ag iascach agus tháinig stoirm ortha agus bádhadh iad.