School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 213

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Is sláinteamhail go léir é biadh na trágha. Siad na rudaí a ghaibimid sa tráigh ná dilisg, baírnig, cluímhín cait, agus sladdí.


BAÍRNIG
Deirtear go bhfuil na báirnig ana mhaith do'n gcorp. Is é an peann dís nú píosa iarann is feárr chuin na baírnig do bhaint. Fadó sa t-seana shaoghal do chuireadh na seana duine na baírnig ar salann. Do bhaineadh cuid dos daoine an sliagán dhóibh agus moir chuid eile a d'fágadh ortha é.

SLAIDDÍ
Tá an slaiddí go hana mhaith ar fad. Do thugadh na seana mhná leó fadó é. Do chuiridís ag beirbhiú é. Annsan do ghaibhidís slis - píosa admaid a bhíodh oireamnach acu na choír agus do bhrúighidís é leis an slis

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Ghuithín
Gender
female
Language
Irish