School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 201
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dhá cois deiridh. Bíonn buaicín adhmaid air agus is ón mbuaicín sin a ghlaodhtar buarach ar an gcórda.
Nasg:
Nuair a bhíotar ag ceangalt na bó agus nuair a bhíotar á bagairt isteach go dtí an gceangalt deirtear "nasg isteach" nó "ceartuig isteach" nú "hóis isteach".
Cornasg:
Córda é seo a bhíonn ag teacht ón adhairc go dtí an gcois deiridh. Is air bhó bhradach a bhíonn sé seo chuin ná béadh sí ag léimeadh clathacha "hóis isteach" nuair a bhíotar á gcuir isteach an doras. "Ciúibí , baíní, deirgí, Blacky, an bhó speachlach, bó an doiris, bradaighe, maoilí ", ainmneacha na ba athá ar eólas agamsa. Tugtar go minic ainm an té a dhiol an bhó nó ainm an bhaile gur b'ais é(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghuithín
- Gender
- Female