School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
Bá - Árthach Eile a Báthadh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Árthach eile a báthadh

Timpeall leath chéad bliadhan ó shoin do báthadh an t-árthach seo tráthnóna fuar fliuch ceóid do b'ead é agus bhí ana stoirm ann an lá so. Do chuaidh fear ón oileán siar ar speir chuas na Ró [?] ag feachaint ach an b'feicfeadh sé aon raic ag gabháil aniar taréis an gaoth aniar dtuaidh a bheith ann le seachtain. Do bhí a culaith óil air ón síon. Do chonnaic sé soir an Tiarracht agus Inis-Tuaisceart árthach dhá chrann ag déanamh air aniar. Do bhí an crann tosaigh briste agus an crann deiridh na sheasamh. D'fhan sé ag faire uirthi riamh is choicdhe go dtí go raibh sí i ngiorrair míle go leith do. Annsan d'aithnig sé go riabh daoine inntí. Do ghaibh sí aniar ceann Charraig Fhada aniar. Bhí iongantas ar na daoine toisc nár bhuail sí in aice le ceann Charraig Fhada mar bíonn an t-uisce íseal ann.

(continues on next page)
Collector
Pádraig Ó Ceárna
Gender
male
Informant
Seán Tom Ó Ceárna
Gender
male
Age
58
Language
Irish