School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Lá 'le Brighid.

Do dheineadh na leanbhaí annseo fadó ná punann choirce d'fhághail agus an bárr a ropadh dí le sgiain. Chuiridís slat mhaide trí na lár mar lámha. Dheinidís suas í fé na ribíni ioldathacha agus pláisléadaí.Théigheadh na leanbhaí ó thig go tig leithe annsan. Do bhronnadh gach aoinne féirín éigin ar Brighidh agus gabhaidís buidheachas agus d'imthighidís.

Brat Bhríghid.
Do chuireadh na daoine amach an brat seo maidean lá 'le Brighde. D'fagáidis amuigh é go dtí an dara lá. Thógaidís isteach an lá san é roim gheala an laé. Do cuirtí i dtaisge é agus deirtear go mbíodh léigheas ann ar gach galar.

Language
Irish