School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuireadh chun búird é, tugadh biadh, deoch, ceól, rinnce gach saigheas soilt do.
I ndeireadh an láe dúbhair[t] an spéir bhean leis an óganach í a phósadh. Dúbhairt sé go dána ná déanfhadh dá mbeadh a compórd seacht n-uaire ní ba bh'feárr ná mar a bhí sé. Tháinig buile feirge ar an seana bhean a bhí gan focal i rith an láe agus dúbhairt, "Ní geobair bás go mbeir seacht slata mar feitheidh[e?] fharraige." Do sheóladar abhaile é agus ar dhul treasna na h-abhann, ar aon pléasg amháin thóg sí leis é agus ní bhfhuaireadar a thuairisg go tamall maith na dhiaidh sin. Bhí an fathach chríonadh ag imtheach[t] le buileadh agus báiní.
Do chuaidh sé ar fuaid na mbailteacha ag búirig is ag imthea[cht] as a mheabhair ag lorg a mhic. Sa deireadh tháinig sé go dtí an tig seo agus d'innseadar an sgéal do shíos, shuas(continues on next page)