School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na fear. Sé an biadh a bhí aici ná bárnaigh. An faid a bhí sí as baile d'órduig sí do dhuine des na cómharsain dul agus a ceann a chur thar doras agus feachaint le heagla go mbeadh na páistí tuitthe amach as an gcliabh[án]. Dhein sí amhlaidh. Nuair a chuir sí cúinne an tighe dí chualaidh sí an bús istig. Do chuir sí cluas le héisteacht uirthi féin. Seo é an chainnt a chualaidh sí.
"An cuimhin leat cat Mhaighbhe?"
"Is cuimin mhuis agus seacht gcatha roimis."
"Ciuca is sine tú ná an ceó?"
"Is sine mise fé dhó!"
"Ciuca is sine tú ná an ghrian?"
"Is sine mise fé thrian."
"Dá fhaid atáim ar an saoghal ní fheaca riamh biadh braimilleóige ar ghort go dtí indiu."
Do bhíodar ag chur trí na chéile(continues on next page)