School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 078

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 078

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 078
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seana Scoileanna.
    Pádruig Ó Dálaigh ó Dhúnchaoin an máighastir a bhí ann nuair a bhíosa ag dul ar scoil. Bhíodh sé 'na chómhnuide i dtig Mhicky Ó Catháin. Bhíodh binnsí agus buidéal dubhach sáithte síos ionnta againn. Bhíodh sléiteanna againn agus pinn luaidhe deanta do chloich. Nuair a theastuigheadh uainn iad a ghlanadh do chaithimís ár seile uirthi agus le nár muirailte a triomuighmís iad.
    Bhíodh ceachtanna bearla á bhfoghluim againn. Lá amháin tháinig an cigire dar b'ainm Steed. Do chuir sé ag léigheamh mé. Nuair a léigheas síos go dtí "farm" do labhair sé agus dúbhairt
    "What is a farmer" ?
    Do chuir se ceist ar gach aoinne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Catháin
    Gender
    Male