Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Glóire. Déirc ó'n Sprid Naomh d'ár gcroí agus d'ár mbréithre; gach nidhe a iarrfam Dia d'á réidhtheacht. Iarraimíd déirc do shólás agus d'aoibhneas na bhflathas, dar n-anam agus d'anam na marbh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Síothcáin ar dtighearna Íosa Críost fé bhríghe a pháise agus a chroise beannuighthe Íosa rí na nGiúdeach. Maighdean is a Mhuire mháthair, comairce na Naomh aingil eadar ghuidhe na deilbh feiréan idir mé agus mo namhaibh go léir istig agus amuich, anocht agus ar uair mo bháis.
    Amen.
    Cuirim m'anam ar chumairce Chríost. Ó a Íosa agus Eogháin baiste agus a dhá aspal deag. Teidhim ar chomairce Chríost na mbeann.Chuirim an chrann ar céasad Críost idir mé agus an tromluighe agus idir mé agus gach ní eile a bheidh ar mo tíghe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge