School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
An Bloscaod Mór | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 075

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Paidreacha.

Ag gabháil an átha go doimhin, Rí na foighne glac mé láimh; le heagla na tuinne tuille tréan, a Mhuire féach is ná fág.

Luighimíd síos le Rí na Glóire, leis an Maighdain Mhuire agus le Naomh Iosaiph; leis an dtriúr is sine, leis an dtriúr is óige; leis an dtriúr is mó gradam i gcathaoir na glóire. Tá ceithre cúinne ar mo leabaidh; ceithre aingil im timcheall. Bríghid agus Peadar is na hangail ag deanamh díon dom im shabháilt ar bás dorchad na hoidhche.

Informant
Eiblín Bean Uí Cheárna
Gender
female
Language
Irish

Íosa féach, Íosa fóir orainn. A Slanuighthóir

(continues on next page)