School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 042
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)báidhte.Bó Sídhe. I gCathair an Treanntaig theas i bparróiste fhionn trágha, tháinig bó sidhe on bhfarraige. Thug sí trí bliadhna ag feirmeóir ann. I gcionn na tríomhadh blian nuair a bhí sí chun imtheacht do dhéin sí trí géim agus do lean trí cinn de bheithidig léi féin í. D'imthigheadar an chuan amach, ní feachaidh aoinne ó shoin í.Capall farraige. Bhí Padráig Ó Fiannachta, ar an gceathreamhain na sheasamh ar an áth-ruadh trathnónna breág shamhraidh, lag-trágha a bhí ann. Do chonnaic sé chuige a dtuaidh ar an bhfarraige trí cinn de chapaill ghlasa, marcaig ar gach ceann aca. Iad ag cur sáile san áir agus bhuaileadar liúir ó dheas as cómhair a shúl. Bhí trúir ban ag baint bháirnach i bParóiste Fionn Trágha san am chéadhna agus tháinig ualaighe móra(continues on next page)