School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Éadaighe.

Fadó riamh thagad a lán táilliúirí annso isteach. Seo chuid aca. Domhnall Ó Laoghaire, Padráig Ó Seannmláin agus tailliúir Seáin Mhicil. Bhíodh píosaí mór plainínn agus bhréidin rómpa. Shocruighthí bóirdín do'n dtáilliúir i naice an dorais. Is minic gur b'é comhala an dorais an bórd a bhíodh aca agus shuidheadh sé anáirde uirthi agus a dhá chois casta air a chéile. Deireadh bean an tighe ag casadh suas a duain.
"Ní le táilliuir do b'fheárr liom ceangalt i dtúis mo saoghail,
Mar is ró ólc an taca é, baint phortaigh ná ag rómhar clais chré,
acht suidhthe i mbun doiris ar chur bailcaisí i dtiúinn do'n tsaoghal,
Is a bótháin go h-aindis gan fasgadh gan díon on mbraon."

(continues on next page)
Language
Irish