School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 015
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá coille an chéad lá don bliadhain nuadh, sa bhliadhain 1916, nuair a eirigheamar ar maidin bhí an spéir ag dorchú thiar thuaidh agus cuma ghrándha ag teacht uirthe. Annsan do thosnuig an bháisteach ag tuiteam. Thug sé dhá uair an chloig ag báisteach trom agus tuillte sa t-slighe nár fhan cloch os cionn cloiche.
    Do shéid an gála aniar adtuaidh gála trom nár chualathas riamh. Bhí clagarnach ag tighthe an oileáin ag cnagadh agus ag pléascadh de dheasgaibh an triomaigh. Gach aoinne agus cóirdín a chur ó thaobh taobh an dín agus ballán cloiche ceangailte air, ag iarraidh a uige a chiomád. Is maith mar a oir na seana focal dóibh an lá úd .i. "ní hé lá na gaoithe lá na sgolb"
    Níor bhfada gur séideadh an ceann de thig na scoile in aon sgalladh gaoithe amháin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish