School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seanchas i dtaobh na h-aimsire:

Faoileáin:
Nuair a thagann na mílte de fhaoileáin na stop ar an dtráig bháin seo, bhíonn aimsir bhreágh air. Nuair a eitligheann siad agus nuair a théighean siad ins na páirceanna bíonn droch a(i)msir ortha.
Cearca:
Nuair a bhíonn na cearca dá bprioca féin go díograsach, bhíonn báisteach ortha.
An Siobháinín:
Bíonn droch-aimsir uirthi seo nuair a bhíonn sí ag sgréachaid agus ag amhrán go géar.
An Fiadhach Mara:
Bíonn gaoth chruaidh ar seo nuair a éirigheann sé ag eitilt go h-árd san spéir.
An Briadheal:
Bíonn aimsir bhreágh air nuair a bhíonn sé agus a dhá sgiathán leathta amach aige agus é ag feachaint i gcoinnibh na greine.
An Roileág:
Nuair a sgréachann sí seo bíonn

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Catháin
Gender
male
Informant
Tomás Ó Ceárn
Gender
male
Language
Irish