School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High
Bean Leighis

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bean Leighis.
Tá bean annso sí sin Máire Ní Cinéide. Bhí sí na comhnuidhe air bhárr na faille i nDúnchaoin. Bhí sé ráidhte go raibh fios aici agus bhí leis. Théigheadh sí ag baint luibheanna agus dhéineadh sí plástar agus leighis dóibh. Do rángaig go raibh fear breáidhthe i bparróiste Múrach le galar éigin nár bh'fhéidir a leigheas.Do chualaidh a bhean trácht air bhean an leighis.
Bhuail sí uirthi a seál agus bhuail siar ag triall uirthi. Nuair a shrois sí Dúnchaoin d'innis sí a sgéal dí mar gheall air a fear agus air an ngalar a bhí air. "Seadh" arsa Máire bean an leighis- "tá fios agamsa cad atá air an mbuachaill sin. Seo buideal anois duit. Má shroiseann leat é a thabhairt i gceart leat agus gabháil i gceart leis déanfaidh sé é do leigheas."

(continues on next page)
Language
Irish