School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amhráin iad so atá tagtha anuas ó bhéal. Níl puinn aca ag an aos óg anois ach táid tógtha ag an leanbhaí scoile anois ó dhaoine atá ó's cionn trí fichid.Táimse ar an mBaile
I
Táimse ar an mbaile seo le bliadhain agus trí lá,
Dá mbeadh fhios ag mo mhuinntir é, ní chodlóchaidís mórán,
Dochtúirí na Frainnce níl mo leigheas acu le fághail,
Go dtiocfhaidh péarla an chúil chraobhaig is go mbearfhaidh ar mo láimh.
II
Tá mo mhuinntir d'á shíor rádh go gcaithfead dul anonn,
Ach iarraim ar Mhuire is ar Íosa, a's nár faighidh siad long na bád
Ach d'á mbeinnse amuigh san' oidhche fé dhuilleabhair glas na gcrann,(continues on next page)