School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 292
- XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Galair a bhíonn ar dhaoine agus a leigheas ó'n sean-saoghal.
Ní bhíodh aon ghalar ar ár sinnsear ná go mbíodh luibh éicin ag fás tríd an dtalamh aníos chun a leighiste. Muna mbíodh luibh acu bíodh piseóg nú artha acu nú bhíodh ar an othar rud éicin a orduightí do a dheanamh.
Seo cuid do's na galair agus a leigheas.
Súile tinne--Craobhodhar. Fáinne óir a chuimilt dos na súile ar feadh naoi maidine agus an t-othar ar céalacan---nó giní oir.
"Súile dearga agus éad dá ghalar nár leighiseadh riamh"-- adeir an sean-fhocal.
Scamall ar an radharc-- Deatach pípe a scaoileadh siar tríd chois na pípe isteach ins an súil.
Smál nó brus a raghadh isteach fé'n súil-- An fabhra thios a chur ar an bhfabhra thuas agus a rádh --
"Tá rud fem' shúil,
Dia ó's mo chionn,
Muire Mháthair ar a dhá gluin,
Go mbainidh sibh ar rud óm' shúil".
Uisce ar na súile-- Té dubh shearbh agus na súile a nigheadh ann ar feadh seacht maideanacha.(continues on next page)