School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 269
- XML “Domhnall is Diarmuid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí beirt dearbhráthar in a gcómhnuí i mbaile beag in aonfhacht le na máthair uair. Bhíodar beó bocht agus bhí lá an chíosa ag glaodhach ortha. Dubhairt a mháthair le Dómhnall dul go dtí Gaillimh ag díol ualach coirce. D'imthig sé leis agus ceannuigheadh an t- ualach uaidh. Nuair a bhí san déanta aige do scuir sé an capall taobh amuigh do thig agus thug sé coirce agus deoch dó. Chuaidh sé isteach, agus bhí beirt istig ag imirt chártaí. D'iarradar ar Dhómhnall dul ag imirt leó agus do chuaidh. Buadhadh gach pinginn uaidh. Chuaidh sé abhaile ansan, agus níor mhór an mhaitheas d'á mhuinntir saothar a laé.
Cuireadh le hualach eile é an dara lá. Thárla an rud ceadhna, ach buadhadh an capall, an chairt, agus an coirce uaidh an turas so. Dubhairt sé leis féin go mb'feárr do gan a aghaidh a thabhairt ar an mbaile in aonchor annsan, agus níor dhein sé ach an bóthar bán a thabhairt air féin.(continues on next page)