School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 257
  3. XML “Druimín Ó Luachair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí fadó ann agus chuir sé fógra amach p'é cailín a shníomhfhádh snáithín óir do gur b'sin í an chailín a ghlacfhadh sé mar bhean chéile.
    Bhí cúirt mór ag an rí i lár coille agus ní raibh faic le deanamh aige ach an lá a chaitheamh ag fiadhach agus ag marcuíocht do féin ar a shástacht.
    Bhí tig beag eile sa choill mar ar chómhnuig feirmeóir bocht agus a aon-inghean. Bhí a bhean caillte, agus bhíodh an cailín ag déanamh gnó an tighe. Bhí sí ar fheabhas chun sníomhtha ach níor fhéad sí riamh snáithín óir a shníomhadh.
    Aon lá amháin bhí an rí ag marcuíocht do fhéin agus chonnaic an cailín é. Thuit sí i searc a's i síor ghrádh leis agus dubhairt sí ná pósfhadh sí aon fhear eile go deó ach é. I gcionn tamaill chualaidh sí an scéal i dtaobh an t-snáithín síoda, agus bhí sí ana thrí chéile feachaint cad ba cheart di a dhéanamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlís Bean Uí Cheárna
    Gender
    Female