School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 207
- XML “Mairnéalach Loinge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní fios cé chúm é seo, ach is fada i gCorca Dhuibhne é ag na sean-daoine.I
Is máirnéalach luinge me, do shiúbhlaig a lán,
Is deir siad gur gaige me a mheallann na mná,
Níor stracas riamh a clóca ná ní leónas a lámh
Is níor luigheas riamh ar leabaidh ach an t-aon oidhche amháin.
II
Cos ar do chois is fan faram go lá,
Tá an lón annso im aice is bean an tighe im láimh
Tá an choróinn gheal im' phóicín go dtí aon fheóirling amháin
Is tá an jug ar an mbórd is ba chóir í a bheith lán.
III
Is a mháirnealach luinge ní feicfhir si Dia,
Mar do dheinis me a mhealladh nuair a bhíos-sa gan chiall.
Go siubhalóchainn-se an talamh le gradam id' dhiaidh
Is téighir si san doras mar a bhfuileann tú riamh.
IV
Tá oileáinín beag ar m'eólus go bhfuil fir óga ann ar triall;
Is tá bhrainnse de chailín óg ann, tá gan posadh fós riamh(continues on next page)