School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 171
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal é seo a chuala ó Pheig Ní Ghuithín o'n mBloscaod Mór. Tá Peig timcheall sé mbliana is trí fichid d'aois. Rugadh i nDúnchaoin í agus phós sí fear ó'n Oileán timcheall chúig mbliana deag ar fichid ó shoin.
    Fadó sa tseana saoghal bhí scoláire bocht ag imtheacht roimis. Lá áirithe bhí sé ag imtheacht roimis agus sa tsiubhal dhó do bhuail seanóir bocht críonna leis. Bhí an bheirt acu annsan ag imtheacht le cois a chéile agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile. I gcionn tamaill dúbhairt an seanóir go raibh sé féin ag dul fé'n mbaile a bhí sall uatha. Dubhairt sé go raibh cúram le deanamh aige ins an mbaile, a's go neosfhadh sé do'n scoláire é d'á mb' annsa leis é a chlos.
    "Ba mhaith liom go mór," arsa an seanóir.
    "Is mise an diabhal," ars an seanóir. "Tá sean-lánamha annsan thall agus níl aon chlann acu. Bíonn an bheirt ag bruidheann a's ag achrann. Táim se ag dul ann anois agus i gceann bliana beidh mac óg acu. Nuair a eireochaidh sé sin suas beidh sé na shagart. Nuair adearfhaidh sé a chéad Aifreann craithfhidh sé an t-uisce coiscreacan agus is liomsa gach duine do'n phobal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Informant
    Peig Ní Ghuithín
    Gender
    Female
    Age
    c. 66
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry