Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Bean Chill a' Ruith”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Mhuiris Ó Catháin an Bloscaod Mór a fuaireas an scéal so. Baile beag i bParróisde Fionntrágha iseadh Cill-a-Ruith agus tá an scéal leathan leathta ar fuaid Gaedhealtachta Dhuibhne.
    Bhí bean do mhuinntir Sheaghdha pósta i gCill-a-Ruith. Bhuail sí breóidhte agus cailleadh í. Cuireadh go galánta í de réir nós na háite agus bhí sagart an Daingin ins an tsochraid.
    Thíos i Liosmuaidh a bhí feirmeóir agus nuair a théigheadh sé le biadh go dtí a chuid mhuc chídheadh sé an bean ag teacht go dtí beiste na muc ag itheadh an bhídh. Chuaidh sé fé na déin lá. D'fiafruig sé di cad na thaobh go raibh sí ag teacht. D'innis sí do gur cailín aniar ó Chíll-A-Ruith í féin, agus gur sciob na sidheóga isteach 'on lios í, agus go raibh sí annso sa lios anois, agus ná dhéanfhadh sí aon díoghbháil d'á chuid muc.
    "Níor bhlaiseas-sa aon bhlúire do bhiadh an leasa fós agus d'á mblaisfhinn chaithfhinn fanacht ann lem' shaoghal. Cuir tuairisc siar go dtí mo mhuinntir teacht 'om iarraidh. Tá an fear a bhí agam pósta ach abair leis ná déanfhad-sa aon toirmeasc idir é féin a's a bhean go deó. Abair leó nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Kerry