School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 135
  3. XML “Ruacáin”
  4. XML “Ceist”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Connus atá an oidhche a mhic," arsan Gárlach Coileánach le na mhac.
    "Tá sí spéireannach réalthannach tirm, ceódhach reódhach fliuch agus í ag iompódh chun seaca," arsa an mac.
    "Nach ait an chuma go bhfuil sí," arsan fear.
    "Ní haite é ná an fheóil go léir a bheith na haé," ars an mac.
    "Cad a bhéarfadh na h-aé í," ars an t-athair.
    "Níor thug mo leasmháthair domsa ach an aé," arsan garsún, "agus dúbhairt sí liom gur b'aé ar fad a bhí innte."
    B'fada é ag feitheamh leis an seans chun an leasmháthar a ghearán do'n athair, agus fuair sé an seans sa deire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fuaireas nead fuiseóige i sliabh, i bpollaín dian daingean docht, fé bhun an chúilín casta craobhaig, is a bhfuil aon mac rí in Éirinn a réidhteóchaidh mo cheist[?]
    Freagra:
    Fear a cailleadh agus dhein fuiseóg nead i bpoll a shúl nuair a loibh a chuid feóla.
    --
    Ceist:
    Cím chúgham aniar láir glas is í ag seitrigh, spara iarainn trí na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    English