School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 113
  3. XML “An Mhaighdean Mhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Mhaighdean Mhara.
    Scéal é seo a scríbh leanbh scoile. Chuala sé ag a athair--Muiris Ó Conchubhair é. Tá Cluthar in iarthar Co. Chiarruidhe. Deirtear gur fíor an scéal é agus creideann daoine fós go bhfuil an mhaighdean mhara so ag tabhairt cuaird ar an dtráigh.
    Comhnuigheann Muiris Ó Conchubhair ins an Oileán Tiar agus tá sé timcheall cúig mbliana a's trí fichid d'aois.

    Sá tsean aimsir bhí fear in a chomhnuidhe i gCluthar i dtigh beag cois imeall na trágha. Lá amháin chuaidh sé síos ar an dtráigh. Do chonnaic sé bean áluinn ina suidhe ar charraig agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Do bhí drom na mná leis an bhfear agus taobh thiar dhá drom bhí brat áluinn de shíoda buailte ar chloich.
    D'ealuig an fear síos agus do ghoid sé an brat agus siúd abhaile é. Do lean an bhean é agus dubhairt leis "tabhair dom mo bhrat go raghad abhaile." Ach ní thabharfhadh an fear an bhrat di. Chuaidh sí go tig an fhir agus chuir seisean an brat i bhfollach. Ni raibh aon dul ar imtheacht aici gan an brat. Phós an fear í agus mhaireadar go sásta ar feadh tamaill. Bhí ceathrar cloinne acu.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Conchubhair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    c. 65
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry