School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Paidear t'réis na Corónnach.A Íosa féach orainn a Íosa fóir
A Slánuighteóir is a Dhia dhíl dein díon d'ár n-anam go léir,
Dibir na droch smaointe is an peaca as ár mbéal
Sar a sínfear sinn síos sa leabaidh bheag caol
A Rí na nAingeal is a Chara na gcruaidh bhochtán,
A Mhichíl Naomhtha Árd Aingeal bí farainn ar uair ár mbáis.
Cabhair is cáirde is grásda ó Dhia chúghainn,
A chabhair gach lá is táimid dá iarraidh,
Sácraimint na h-aithrighe go neartuighidh Dia linn,
Is m'anam fe'd choimirce a Mhaighdean an Tighearna.Luighmíd fed' ainm a Mhaighdean Ghlórmhór,
A Mháthair Dé, a Realtan Eóluis,
A Bhannríoghain na nAsbol, freagair is fóir sinn,
Is beir leat ár n'anam go Cathaoir na Glóire.
Déirc an Spioraid Naomh in ár gcroidhe is in ár mbréithre,
Is gach nídh a iarraimíd Dia 'á réidteach.
Amen.