School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 109
  3. XML “Naomh Breandán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Naomh Breanndán.
    Reamhrádh: Scéal é seo a chuala uair indhiaidh uaire i mbéalaibh na sean daoine in Iarthar an Daingin.
    'Sé Naomh Breanndán an naomh Patrún Iarthair an Daingin ar fad. Cúnntas é seo a scríobhadh síos dom ó Mhuiris Ó Chonchubhair san nBloscaod Mór. 'Sé an fear ceadhna atá mar ughdar leis na scéalta so 'na dhiaidh go bhfuil a ainm leó.
    Na céadta bhliadhan ó shoin do chomhnuig Naomh darab ainm Breanndán ar an gcnoc go nglaodhtar Cnoc Bhreannain air.
    Bhíodh an Naomh agus a mhanaig ag leigheamh Aifrinn agus ag déanamh troscaidh.
    Lá amháin agus an Naomh chun Aifrinn a léigheamh fuair sé amach go ndearmhadadh leabhar an Aifrinn. Do bhí bóthar caol ag dul ón gCill go dtí an gCnoc agus bhí duine ar gach órdhlach don mbóthar san.
    Do síneadh an leabhar ó láimh go lámh go dtí gur shroich an leabhar an Naomh agus annsan léig sé Aifreann Dé.
    Ó shoin i leith tugtar turas gach bliain lá San Sheáin Beag agus Domhnach Cásca.
    Tá cloch mhór thuas ar bharr an chnoic agus glaodhtar "Cloch an Droma" uirthe. Deirtear go bhfuil leigheas ar thinneas droma
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Chonchubhair
    Gender
    Male
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry