School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 103
- XML “Naomh Gobnait”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- RéamhrádhTá a lán scéalta i mbéal mhuinntir Dhún Chaoin i dtaobh Phatrún an Pharóiste - Naomh Gobnait. Fuaireas an scéal seo ó Mhuiris Ó Catháin o'n mBlascaod, agus dúbhairt seisean gur chuala sé an scéal go minic ó's na sean daoine. Tá sé timcheall trí fichid bliadhain daois, agus chaith sé a shaoghal ins an Oileán.
Timcheall le dhá chéad bliadhan ó shoin bhí taoiseach mór ina chomhnuí sa bhFrainnc. Ní raibh puinn creidimh sa tír an uair sin, agus d'aortaí chun báis an dream a lean do'n bhfíor Chreideamh. Bhí aon inghean amháin aige d'árb ainm Gobnait agus bhí sí ana mheastamhail ar an gcreideamh, í an-dhiadhaighthe, agus an-charthanachtamhail.Bhí a hathair i bhfad in earraid léi, agus sa deire tháinig buille air chúiche, agus dhíol sé í le captaoin árthaigh. D'árduig an captaoin leis í, agus dúbhairt a hathair leis í a chaitheamh i bhfarraige. Ghlac an captaoin truagh dhí agus nuair a tháinig sé go Chuan Fionntrágha chur sé i dtír í. Bhí béal Chuan Fionntrágha fé choill mhór an uair sin, mar is ó shoin a shlug an fharraige chúiche an choill, agus fágadh Chuan Fionntrágha mar atá sé indiu. Chuaidh Gobnait isteach sa choill, agus mhair ann(continues on next page)- Informant
- Muiris Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry