School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)
- Location:
- Kilmacteige, Co. Sligo
- Teacher: Máire, Bean Uí Chuirnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilmacteige (C.)
- XML Page 258
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean fhear fadó ann agus bhí an anrodh air go cinnte. Lá amháin d'imigh sé trí choill ag fiadhach. Thánaig fear beag dearg chuige agus dubhairt sé "Cén fáth atá mo chuid bó agus cearc 'ghá mharbhú agat?" Dubhairt an sean fhear go raibh air iad a mhairbhú chun bith a sholáthar dó fhéin.
"Anois" ars' an fear beag dearg "Tóig an pota beag seo leat in éinfheacht leis an slat beag seo. Am ar bith a bheidh ocras ort buail an pota leis an slat agus abair "biadh, deoch agus seirbhís chun freastal" Rug an sean fhear buidheachas do'n fhear dhearg bhídeach agus d'imthigh leis abhaile chuig a chéile agus a inghean. Rinne sé mar a d'orduigh an fear bídeach dhó agus fear sonasach a b'eadh é a leithead de bhidh ? bheith aige. Chuala muinnteor an bhaile fé'n bpota agus shocruigheadar ar an sean fhear a mharbhú. D'innis an sean fhear an sgéal fé'n dún-mharbhughadh do'n fhear dhearg bídeach. Dubhairt an fearr dearg dó "Tabhair do bhata dod' inghean,(continues on next page)- Collector
- Alice Boland
- Gender
- Female
- Informant
- Tom Carrol
- Gender
- Male
- Address
- Letterbrone, Co. Sligo