Blianta ó síonn bhí clog mór ar bharr "Benada Abbey", agus oidhche amháin dí raibh raibh gach nídh ciúin tháinig muinntir "Torn-a-gclog" agus goideadh é. Do gléasad na aspaillí agus tarraingeadh an clog ó "Benada Abbey" go "Torann-a-gclog". Cuireadh bróga na gCapall cúl ar aghaidh i dtreó is nach mbeadh fhiós ag na daoinaibh ar mhaidin lár na márach cén bóthair a thugadar. Thug muinntir Torn-a-gclog an clog agus cuireadh i bhfolach é fé carn-clocha a bhí ar thaobh na h-abánn darb ainm "Cloigín Beag". Tamaill ina diaidh sin bhí Naom Padhraig ag siubhal thart agus nuair a bhí sé ar tí coiscéim a tógaint bhuair an clog. Annsin fuair sé cabair agus fuaireadar an clóg. Tugadh go Lincin Síar i Sasana. Indiú tá sé ráidhthe gur fág Naomh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »