Is minic a chuala mé Seán Scanlán _ sean-caoidhe im' cheanntar fhéín ag trácht ar sean-sgoil a bhíod i Dawros san am fadó. Le linn a óige bhí sgoil amháin i Dawros. Is amhuigh féin spéir fá chrann éigin a bhíodh sé. Ins an Geimhreadh bíod an sgoil acu i sean-stábla éigin. Ins na sgoileann seo d'fhogluimheadar litrideacht agus áireamh agus sgroibnóireacht. Gheibead na muinnteóirí loistín na h-oidhche i dteach éigin 'sa gceanntar. Fuaireadar airgead as ucht na h-oidhche ó na daoine. Ní raibh an Gaedhilg dá múnad san ám sin nó go ceann bliadhanta in-a dhiad. Do bhíod is saoire gach aono seactmhain (seacas). An lá sin do bhuailidís amac f'en tuaith agus do teighidís ar chuaird cun thíghthe na
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »