Timceall cúpla céad bliadan ó shoin do bhí fear in a chomhnuidhe i "Dauvris", "Curry", i gCo. Sligigh. Sé an tainm a bhí air ná "Padraighín McFee" agus bean "Biddie". Do bhí sé an-tughtha don ól. Gach uair a théigeadh sé go baile Mór do bhíodh sé ar meisge. Annsin bhí Biddie i bhfeirg ag féiceant ar Padraigín agus é ar meisge i gcomnuidhe. Lá amháin chuaidh Biddie go dtí an sagart chun garán a dhéanamh fá Páigdín agus chun a sgéil a innsint dó. Dubhairt an sagart léithe gur mhaith leis Paidraigín a fheiceál agus seonnchas a bheith aige leis. Pé sgéal é, do dhein Pádraighín fé mar a dubhradh leis, agus lá na bhárach bhí
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »