School: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- XML Page 263
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt buachailli bochta ann uair amháin. Oidhche Nodhlaig a bhí ann agus ní raibh rud le nithe aca. Dubhairt duine aca leis an duine "gur cuireadh mac an ministéirí cúpla lá ó shoin agus nuair a bhíodar ghá cur cuireadar go leor tobac agus airgead sios leis.
Shochruigheadar annsin go rachaidís go dtí an uaigh agus go bhfuighidis an tairgead. Nuair a shroiceadar an uaigh dubhairt duine aca leis an duine eile go bhfuigheadh sé féin an airgead agus an buachaill eile a dhul go feirm an ministéirí agus caoire reamhar a fhághail agus go mbeadh féasta mór aca an oidhche sin.
Chuaidh ceann acu go dtí an fheirm agus thosuigh an buachaill eile ag tochailt agus fuair sé an airgead agus dhún sé suas an uaigh arís. Nuair a bhí buachaill aimsire an ministéirí ag teacht ón a chuairt chonnaic sé an buachaill 'na seasamh ar an uaigh agus bhí faitchíos mór air.
Nuair chuaidh sé abhaile d'innis sé an sgéal don ministéir agus ní creidhfheadh an ministéir é. Ní raibh an ministéir in ann siubhal go(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Ummeracly East, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Neíll
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ummeracly East, Co. Galway