School: Dealgain (roll number 11770)

Location:
Dalgin, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Riain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dealgain
  2. XML Page 116
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tháinig táilliúr nach raibh aon gaedhilg aige. Tháinig sé ag déanamh éadaigh lá amhain go teach tuaithe nach raibh aon béarla ann acht beagán a bhí ag na páistí. Thosuigh an tailliúr ag obair nuair a bhí se thuas ar bhord. Bhí gach rud aige ach snáth agus níor mhaith leis teacht anuas ó'n bhord agus bhí muinntear an tighe taobh amuigh de'n doras ag déanamh rudaí eicín. "Thread" arsa an táilliúr í n-árd a cinn.
    Chúala bean an tighe é agus tháinig sí isteach "Thread thread"arsa an táilliúr arís. Amach leis an mnaoí agus ar sise le an fear "troid troid" atá ag teastáil ó'n táilliúr "troid" arsa an fear agus iongnadh air. Dar m'fhochal muise má seadh geobhadh sé sin agus fáilte. Bhí sé ar tí an táilliúr bocht a mbuaileadh acht thainig gasúr beag le fear an tighe isteach go tráthamhail agus bhí tuigsint ar béarla aige agus mínigh sé an sgéal dón athair agus rinneadh réidhteach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Lúrcáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cloonagh, Co. Galway