School: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (roll number 13155)
- Location:
- Garrafrauns, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fionnagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leig sé an sgoláire chun bealaigh agus chuaidh sé féin chuig an sgeiceach. Thosuigh sé ag romhar suas an taobh eile de agus fuair sé pota eile óir
Bhailigh sé leis é agus bhí sé saidhbhir sáthac fad's mhair sé
Chuaidh an sgoláire bocht isteach áit a raibh na sagairt ag tabhairt faoisdin agus bhí an lá ag fearthainn go mór
Isteach leis an sgoláire bocht agus sheas sé suas ag an doras. Labhair an sagart leis agus dubhairt "Tá sé ag fearthainn go dian".
"Tá" ars an sgoláire bocht agus seacht míle taobh thoir dian" (sin ainm baile)
Níor thaithnigh an cainnt sin leis an sagart agus dubhairt sé leisan sgoláire bocht "Dá mbeitheá istigh in am bhéarfainn ubh dhuit
"B'fhearr liom an chearc dá breith dom" ars an sgoláire bocht
Chuir sin fearg ar an sagart. D'iompuigh sé thart agus rug ar a loading whip agus chuaidh idir an sgoláire bocht agus an doras.(continues on next page)- Collector
- Seán O Fionnagáin
- Gender
- Male
- Address
- Garrafrauns, Co. Galway
- Informant
- Tom Corley
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Ardcloon, Co. Galway