School: Rathún (Clochar) (roll number 1013)

Location:
Rahoon, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rathún (Clochar)
  2. XML Page 429
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Cúpla chéad bliadháin ó shóin in aimsir na bpéin-dlighthe agus na géarleanamhainthe...

    Rút Ní Mhaicín, An Bóthar Árd, Gaillimh
    Aois 13 bl 2 mí, rang a hocht.
    Fuaras ó m’athair é, agus fuair seisean é ó na sean daoine san áit a rugadh é – Árd Macha.
    Cúpla chéad bliadhán ó shóin in aimsir na bpéin-dlighthe agus na géarleanamhainthe bhíodh ar na sagairt bhochta bheith ag dul thart ar fud na tíre i mbréag-ríocht, agus iad feistighthe amach mar fir siubhail nó mar bacaigh.
    Thárla fán am sin go raibh feilméar mór protusdúnach ina chomhnuidhe in aice leis an gClochán i n-iarthar na Gaillimhe.
    Bhí ubhall-ghort breágh aige ar thaobh an bhealaigh mhóir agus ba mhór an cathughadh é do bhuachaillí óga na h-áite na h-ubhla breághtha dearga a d’feicfidís taobh istigh de’n chlaidhe nuair a bhéadh siad ag suibhal thar an gharrdha seo.
    Tráthnóna amháin sa bhfoghmhar bhí trúir buachaillí ag suibhal abhaile ón gClochán agus nuair do tháinig siad chomh fada le teach an fheilméara seo thug siad na h-ubhla fá deara, agus shocruigh siad, mar a ndéanfadh buachaillí ar bith dá gcomh-aois go mbéadh lán a bpóca de na h-ubhlaibh aca.
    Bhí tuairm’s leath-dhosaen díobh sgiobhtha de na crannaibh aca nuair do chuala siad duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Rút Ní Mhaicín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Taylor's Hill, Co. Galway