School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 358
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fear leis féin go ngeobhadh sé amach cé'n áit a raibh sé ag fágail an bídh. Chuaidh sé ar an sliabh in-aointheacht leis an mbuachaill agus d'fhan sé ag faire faoi'n gclaidhe go dtáinig an tarbh. Rinne an buachaill an rud céadna aríst chonnaic an fear é agus bhí fhios aige annsin cé'n fath nach raibh sé ag ithe a bhéile. D'imthigh sé abhaile agus d'innis sé d'á bhean é. Lá ar na bhárach chuaidh an triúr aca ar an sliabh agus d'itheadar agus d'óladar a ndóthain.
Nuair a ndothain ólta agus ithe aca chuadar abhaile go sona sásta dhóibh féin. Tar-éis tamaill bhí siad chomh raidhbhir le sigh. Ní raibh fhios ag na daoine cá raibh siad ag fághailt an airgid. Théighidis suas ag an sliabh chuile lá agus d'ithidis agus d'ólaidís a ndothain. Tar-éis cúpla bliadhan bhí an oiread beithidhigh agus caoimhrigh agus capaill agus mucha aca leis an mbaile ar fad. Ó lá sin go dtí an lá atá indiu ann ní raibh aon easbaidh bídh ag na daoine seo.- Informant
- Peadar Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Galway