School: An Drom Clochach (B.)
- Location:
- Dromclogh, Co. Kerry
- Teacher: Pártholán Ó Ruadhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Drom Clochach (B.)
- XML Page 048
- XML “Áiféis na Blách”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do chonnac aon ghas amháin cruithneachtan a bfearr ná a bhfuil id gháirdín go léir".
Cá bhfeacaís é?" do rá Aiféis.
Bhí úncail dom pósta tamall uainn agus do cailleadh é. Dfás sé seisear (mac) leanbh ina dheaidh. Nuair do bhí deireadh obair an Carraigh déanta againn féin do rugas liom féidhre capall agus do chuadhas go dti bean m'úncail chun trian cruithneachtan a chur dí. Tháinig girrfighthe ón gcnoc agus coiníní agus ditheadar síos go dti an cré í ach dhá léas do bhí innsa chúinne thiar theas den gáirdín. Bhíos féinig lá breágh gréine ag feachaint conas a bhí an chruithneacht ag teacht chun cinn acht bhí sé go léir ithte ach dhá dhías. Thána abhaile agus dinnseas mo scéal dom athair. Suim laetheannta ina dhiaidh sin chuaidh m'athair ag feiscint an dá dhías agus is amhlaidh a bhíodar ag fás go hárd is go láidir. Tháinig sé thar nais agus dubhairt sé go mbeadh ár ndóthain cruithneachtan san dhá dhías ach aire a thabhairt dóibh. Bhíos féinig(continues on next page)- Collector
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir