School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 063
  3. XML “Caoineadh an Chonnallánaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá tar éis do bhánaidh an Connallánach an tighearna talmhan Gort a Ghannaigh i m-Buidhe Amhanach in aice le Glean" na Maith Duibhe, Co. na Gaillimhe, fuair Sadhbh Ní Éanacháin bás. Chruinnigh na daoine agus shocraigh siad na sean rataí agus na cliathacha suas le taobh an chlaidhe as cuireadh ós cionn cláir í. Tháinig an Connallánach chuig teach a chuirp as nuair a a chonnaich na daoine é ag teacht chritheadar le faithchios gur a teacht a leagan an bhotháin a bhí sé.
    Thosuigh corp an chreatúir bhoicht ag séideadh alluis mar chonnaich gach duine í a bhí a lathair.
    Deich mbliadhna agus fiche in a dhiaidh sin fuair an Connallánach bás agus chruinnigh na sean tunóntai do dhibhir sé as Gort an Ghannaigh agus tosuigh siad dá chaoineadh. Shaoil muinntir an tighe gur dá ríre a bhí siad ag caoineadh ach is a caoineadh magaidh a bhí siad.
    Arsa Micil Risteard "leig dúinn é a caoineadh mar sé a d'fhág adhbhar na caointe againn nuair a cur sé amach as ár n-goirtiní míne réidh muid agus chuir sé sios ar an annach muid." "Mo lean nach deich mbliadhna fichead ó shoin a shín tú" arsa ceann eile aca. "O bhó bhó" arsa fear eile "ní h-é atá mé a caoineadh ach gamhan na Maoile a cailleadh aréir orm."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    R. O' Connell
    Address
    Kilkerrin, Co. Galway
    Informant
    Padhraig Ó hÉancháin
    Gender
    Male