School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 061
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in aice le loch an leath bhaile i n-gar do Thuaim agus bhí sé in a bhállai don Tighearna Talmhan. Agus mar gach bállai eile ag an am sin bhiodh sé a cnuasacht na ciosa ar son an tighearna.
    Ba trathnóna an Sathairn a bhí ann faoi Bealtaine agus bhí an t-airgead cruinnighthe ag an bh-fear. Bhí a chlann Inghean ag fághail gach nidh réidh faoi na chomhair an mhaidin Domhnaigh. Mheas sé go raibh sé in a m-bealach agus chuaidh sé amach san n-garraidh a siubhal thart do féin. Bhí an madadh ar chlaidhe an gharraidh agus é a tafan le madadh eile a bí ins an m-baile taobh thiar de. Budh dearbhrathair dó an madadh eile. Chuaidh an fear ar a ghlunaibh a radh a chuid urnaighthe agus ba ghearr gur thuig sé cé an rud a bhí na madrai ag radh le chéile ins an tafan. Dubhairt madadh an fir leis an g-ceann eile a theacht annsin anocht go raibh trí robálai le teacht san oidhche leis an teach a robáil agus an t-airgead a ghoid. Nuair a thiocfas an chéad fear isteach gheobhfaidh mise i n-greim sgornaigh ann agus gheobhfaidh tusa i n-greim ins an dara fear as ná sgaoil do ghreim go séileóchad an t-anam as. Rithfidh an triomhadh fear an bealaigh annsin.
    Ní raibh sé i bh-fad san oidhche nuair a tháinig an madadh isteach agus bhí fáilte ann domhain mhóir ag madadh an tigh roimhe. Nuair a tháinig an t-am codalta dubhairt ceann den clann mhac go raibh sé in am madadh na comharsan a cur amach. "O"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    Language
    Irish
    Collector
    R. O' Connell
    Address
    Kilkerrin, Co. Galway
    Informant
    Padhraig Ó hÉanacháin
    Gender
    Male
    Address
    Carrowntober West, Co. Galway