School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 059
- XML “Aonach i Mainistir Chnoc Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo chios sean sgéalta, sean fhoclaí, agus sean raidhtí a chuala me ó bhéal na sean - daoine i n-Gaelteacht GHleann-na- Maith Dhuibhe leath - cgéad bliadhain ó shoin.Is i Mainistir Chnúc Ruaidh i g-Condae na Gaillimhe do bhí an chéad aonach ariamh a bhí i g-Cuige Chonnacht. Dhíol fear as Mionloch bó bhainne ann le fear a bhí in a comhnaidhe in aice le Caisleán Riabhach i g-Condae Roschomain. Ba é an margadh do rinneadar punt airgid in aghaidh gach cairt bainne do bhí ag an mbuin sa ló. Dubhairt fear na bó go m-bíodh chuig chairt sa ló ag an m-buin agus mar sin fuair sé chuig phunt uirthi. Nuair a chuaidh sé abhaile d'innis sé an sgéal dá mhnaoi. Ach dubhairt sise leis a fear nach m-biodh aici ach ceithre chairt sa ló. D'imthigh an fear annsin go bh-fuigheadh sé amach an fear a cheannuigh an bhó uaidh go d'tabharfadh sé punt den airgead ar ais dó.
Nuair a thug an fear do cheannuigh an bhó abhaile í chuir sé í n-innbhear maith í agus bhí sé chairt sa ló aici. D'imthigh sé annsin go bh-fuigheadh sé amach an fear a dhíol an bhó dhó. Agus is í n-Gleann na Maith Dhuibhe do casadh ar a chéile iad agus annsin chuadhar faoi dhéin Rí Chonnacht go socrochadh sé an chúis eatorra. Nuair a d'innis siad an sgéal dó, do ( go d-tabhairfeadh sé punt eile dhó)(continues on next page)- Collector
- R. O' Connell
- Address
- Kilkerrin, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Ó hÉanacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Carrowntober West, Co. Galway