School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 056
- XML “Cathal Crobhdhearg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuala mé an sgéal so ó Bhean Uí Dhiscín as Annacbeag, Cillchoirín, Béal Athá na Slogh, Bhí sí go h-an tinn ag an am sin agus fuair sí bás seachtmhain in a dhiaidh sin (R.I.P.)
Sé Cathal Crobh Dearg a thóg an mainistir i m-Baile an Tobar i g-Condae Mhuigheó. Mac le Toirdheallach Mór Ó Chonchubhair a bhí ann, agus bhí Toirdheallach 'na Árd Rí ar Áirinn. Páiste suirghe a bhí i g-Cathal bocht, agus bean de mhuinntir Mhógráin as baile beag in aice le Cathair na Mart a bhí 'na mhathair. Bhí sé sa tairngire acht go m-beadh a leithide ann agus go m-beadh sé in a righ ar Chonnachta trath dá shaoghal.
Chuala an bhainrioghan faoi an tairngireacht sin agus d'éirigh sí imnidheach faoi a mac féin. Bhlaoidh sí isteach ar Chailleach na g-Cearc agus d'íarr sí uirthí orthaidh a dhéunamh nach leigfidhe d' on leanbh a theacht ar an saoghal seo no go g-caillfidhe é féin agus a mháthair. Chuir Cailleach na g-Cearc ar orthaidh agus thug sí d'on bhainrioghan í, agus dubhairt sí nach m-béarfaidhe an leanbh fhad is choinneóthadh sí an ortha in a seilbh.
Bhí peidileáraidhe no ceannaidhe a mhála ag gabháil thart agus chuala sé an sgéal nuair a thainig tinneas cloinne ar an mathair bhoicht. Bhí an creatúr i riocht bhá ach ní fhéadfaidhe an leanbh a thabhairt ar an saoghal. Thainig lámh leis réidh go leór, ach ní thiocfadh an colann. Bhí fhios ag chuile dhuine gurbh i easarluidheacht na bainrioghna ba cionntach leis an trioblóid, agus dubhairt an peidiléaraidhe go bh-fuigheadh sé an ceann is fearr uirthí no go g-caillfeadh sé leagan leis.(continues on next page)- Collector
- R. O' Connell
- Address
- Kilkerrin, Co. Galway