School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 040
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim.

    Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim. Fear croidhe mór a bhí san m-Búrcach agus is minic a bhí mór uaisle na tíre ag dinnéar aige. Ins an deireadh tháinig briseadh ar an m-búrcach agus b'eigin dó an chuid is mó dá duithigh a thabhairt de lucht an ghaimbín agus é féin a fhágháil ar an g-caol chuid. Bhí capall óg aige agus nuair a theastuigh uaidh é a bhriseadh isteach ar an treabhadh ní tharrnóchadh sé uaim na cuing. Chuir sé sa stábla é agus níor thug rud ar bith le n-ithe dhó ar feadh dhá lá. Bhí ocras ar an g-capall óg agus thug an Búrcach amach annsin é agus cheangal sé isteach le sean láir é. Siar go maith on t-sean láir chroch sé punann coirce ar na hamai. Nuair a chonnaic an capall óg an punann coirce thosuigh sé a tarraint ag iarraidh breith ar an b-punann. Bhí an Búrcach ag siubhal mar sin leis an treabhadh nuair tháinig Ó Ciardhubháin an bealach tar éis a bheith a fiadach dhó. Sheas an Ciardhubháin ag feúchaint ar an g-capall óg. D'iarr sé den m-Búrcach cia an fath a bhí aige leis sin. D'innis an Búrcach dhó an fath. D'iarr sé den Bhúrcach a raibh sé pósta. Dubhairt an Búrcach nach raibh. D'iarr sé dhe go cén fath. Dubhairt an Búrcach nach raibh an acfuinn aige le bean uasal a phosadh agus bhí náire air bean tuaithe a phosadh. Dubhairt an Ciardhubhai[n] go raibh an inghean is sine a bhí aige gan posadh ach go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0901: Taming of the Shrew
    Language
    Irish
    Collector
    R. O' Connell
    Informant
    Thomas Mannion
    Gender
    Male
    Age
    82
    Occupation
    Miller
    Address
    Milltown, Co. Galway