School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 016
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Cailín a baint luachra nach innti tá fonn ...

    Tá an sean amhrán so leanas i mbeúl na n-daoine ins an b-paráiste so fós. Seo brigh an sgeil - fear óg a teacht abhaile i n-gan fhios as arm Shasana. Chonnaic sé a dheirbhsiur ag obair ins an n-gort. Níor aithnigh sí a dearbhrathair. Thosuig an comhradh eatorra:-
    Cailín a baint luachra nach innti tá fonn
    Nach deas é do leanbh a chailín deas donn
    Is oth liom í is oth liom í is oth liom i fonn
    Agus sugradh go maidin le cailín deas donn
    Agus bail ó Dia ort-sa se dubhairt sí liom.
    Agus cá bhfuil do mhuinntir a chailín deas donn
    Ní raibh agam ach an t-aon dearbhrathair sé dubhairt sí liom
    Cá n-deachaidh do dhearbhrathair a chailín deas donn
    Chuaidh sé go dtí an oilean se dubhairt sí liom
    Cia an marc a bhí ar do dhearbhrathair a chailín deas donn
    Ball dobhran a bhí ar a chliathan se dubhairt sí liom
    Tá fear ar an g-cnocán a chailín deas donn
    Níl cnocán gan preachán sé dubhairt sí liom.
    Tá canna in do láimh a chailín deas donn
    Tá cleite in a sgiathán sé dubhairt sí liom.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish