School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 011
  3. XML “Doire Bhriain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fuair mé an t-amhrán so ó shean phiobaire atá caillte anois. Dubhairt sé liom gur chum Rafteri é. Níl ins na foclaí so leanas ach tuairim mar ba shean deacair cainnt an phiobaire bhoicht a breacadh sios go sásamhail. Le cuir leis sin ní hé an leagan ceudna a bhiodh aige i gcomhnaidhe go mór mhór nuair a d'iarraim air foclaí áirithe no líne áirithe ag radh fá dhó.

    DOIRE BHRIAIN
    (I)
    Is aoibhinn agus i aerach a bhuail liom na sléibthe
    Agus gan nidh ar bith ins an méid sin ach mar comhradh dighe
    Níl sonas na b-fear ann, sé mo léan níl grásta Dé ann
    Agus dheamhan a bhfuair mé romham ann acht stumpa tóin a tighe (thóine tighe b'fheidir)

    (II)
    Éist anois a Mháire agus tá go leór leór le radh agat
    Mar is 'mo rud in do cheann-sa atá falamh ag a saoghal
    Tá an luach mór is áilne ann
    Tá na ceannabháin bháin ann
    Tá rinnce ag Fearaibh Fáil ann
    Agus lóistín ag a saoghal

    (III)
    Nuair a d'éirigh mé lá ar na márach
    'S mé ag breathnú ar na sléibhtibh
    Ní h-iongnamh go dtainig brón orm
    Agus eagla ar mo chroidhe
    Mar ní raibh rud ar bith le feiceál ann
    Ach ballai na sean tighe.
    In áit taltai glasa fearmhara
    Ní raibh romham ach gleannta Fraoigh
    (ar leanamhaint)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish